Scéim Íocaíochta na bhForas Máithreacha agus Naíonán

Suíomh Gréasáin na n-Iarratas

Chun tús a chur le hiarratas ar an Scéim, cliceáil ar an gcnaipe ‘Cláraigh’ seo thíos. Chun leanúint ar aghaidh nó chun féachaint ar iarratas atá ann cheana féin, cliceáil ar an gcnaipe ‘Logáil Isteach’, le do thoil. 

Má tá ceist agat am ar bith faoin bpróiseas iarratais, cuir glaoch ar Oifig na Scéime Íocaíochta ar +353 1 522 9992 nó cuir ceist ar an suíomh gréasáin seo. Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis an Scéim, féach ar www.gov.ie/paymentscheme.

Scéim Íocaíochta na bhForas Máithreacha agus Naíonán

Is féidir le duine cur isteach ar an Scéim ar thrí bhealach éagsúla: ar a s(h)on féin, mar dhuine tacaíochta, nó mar ionadaí pearsanta. Léigh an t-eolas seo thíos, agus cliceáil ar an gcnaipe cuí chun tús a chur le d'iarratas.

Iarratas ar do shon féin

Úsáid an rogha seo má chaith tú am in institiúid sceidealaithe agus más ar do shon féin atá tú ag cur isteach ar an Scéim, fiú más le cúnamh ó Chúntóir Cinnteoireachta nó ó Chomhchinnteoir (má tá socrú i bhfeidhm agat faoin Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas) 2015).

Iarratas mar dhuine tacaíochta, a bhfuil socrú foirmiúil i bhfeidhm aige/aici chun gníomhú thar ceann duine a d'fhéadfadh teacht faoin Scéim

Úsáid an rogha seo má tá an t-iarratas á dhéanamh agat thar ceann duine a d'fhéadfadh teacht faoin Scéim, agus socrú foirmiúil i bhfeidhm agat gníomhú thar a c(h)eann. Seo thíos na socruithe foirmiúla:

  • Ionadaí Cinnteoireachta arna cheapadh ag an gcúirt faoin Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015
  • Coimircí Cúirte mar choiste an choimircí arna cheapadh ag an gcúirt
  • Cumhacht Mharthanach Aturnae faoin Acht um Chumhachtaí Aturnae, 1996
  • Cumhacht Mharthanach Aturnae faoin Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas) 2015
  • Socrú dlíthiúil comhchosúil ó Stát eile

Iarratas mar ionadaí pearsanta

Úsáid an rogha seo má tá an t-iarratas á dhéanamh agat mar ionadaí pearsanta, nó ar son eastát duine éagtha a fuair bás ar nó roimh 13 Eanáir 2021, dáta ar ghabh an Taoiseach leithsceál leis na daoine a tháinig slán as na hinstitiúidí agus leis na hiarchónaitheoirí.